About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Saturday, 20th April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an  Leabhar 
Gníomhartha na nAspal        9:31-42    
Lean an Eaglais á tógáil féin agus ag dul  i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

Bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

Nuair a bhí Peadar ar a chamchuarta go ndeachaigh sé chun an phobail naofa a chónaigh i Lioda. Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas – pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas.
Labhair Peadar leis:
“A Aenéas,ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.”
Agus d’éirigh sé láithreach. Agus nuair a chonaic muintir Lioda agus muintir Sharóin é, d’iompaigh siad go léir chun an Tiarna.

Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach. Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.

D’éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.

Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d’iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.
D’oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d’éirigh sí aniar. Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach. Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia

Salm le Freagra          Sm 115
Freagra                           Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
Malairt freagra           Alleluia!  

1. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe, gairfidh mé ainm an Tiarna.                     Freagra

2. Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail.
Is luachmhar i láthair an Tiarna bás a fhíréan.                                                   Freagra

3. Is mise do ghiolla, a Thiarna, sea, is mac do chailín aimsire;
Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna.       Freagra

SOISCÉAL    

 Go raibh an Tiarna libh.     Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin  6:60-69              Glóir duit, a Thiarna.

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin       6:60-69
C
é chuige a rachamid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.

San am sin dúirt a lán dheisceabail Íosa:
“Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht léi?
Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo:
“An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?
Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?
Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe.
Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.
Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”

Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. Lean sé air:
Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir le haon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair.”
Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag:
“Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?”
D’fhreagair Síomón Peadar é:
“A Thiarna, cé chuige a rachamid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar
agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart