About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 21st April, 2024
Today's Readings
Readings in English

CÉAD LÉACHT 

 Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal            4:8-12
Níl slálú i neach ar bith eile.

happy JESUSDúirt  Peadar leo agus é lán den Spiorad Naomh:
A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí, más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach – an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é – gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’ níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                    Sm 117
Freagra                                   An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Mafairt Freagra                   Alleluia!

I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shío r.
Is fearr dul i muinín an Tiarna, ná bheith ag brath ar an duine.
Is fearr dul i muinín an Tiarna, ná bheith ag brath ar fhlatha.                           Freagra

2. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom agus gur tú mo shlánaitheoir.
An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.                                          Freagra

3. Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá ag teacht. Beannaimid sibh as teach an Tiarna;
gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom agus gur tú mo shlánaitheoir.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: maireann a ghrá de shíor.    Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as an chéadLitir Naomh Eoin       3:1-2
Feícfimid Día mar atá sé.

A clann ionúin, breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn!
go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.
Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn,
agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid;
ach nuair a fhoilseofar é,
is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan,
mar go bhfeicfimid é mar atá sé.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!

SOISCÉAL 

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha,  Eoin   10:11-18                Glóir duit, a Thiarna.
Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach.

San am sin dúirt Íosa
Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.
An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh,
feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.
[Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.

Ach is mise an sáraoire,Jesus good shep1 agus aithním mo chuid féin,
agus aithníonn mo chuid féin mé, faoi mar a aithníonn an tAthair mé,
agus mar a aithnímse an tAthair.
Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach. Tá caoirigh eile agam chomh maith,
nach den chró seo iad.
Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór,
agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.
Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í.

Níl aon duine á tógáil uaim;
is uaim féin a thugaim uaim í,
agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís.
Sin í an aithne a fuair mé ó m’Athair.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia 4ú Domhnach na Cásca 

Caidreamh pearsanta

Léiríonn íomhá an  aoire, an nádúr pearsanta atá sa ghaol idir Íosa agus a lucht leanúna. Léiríonn sé an dlúthchúram pearsanta  a dhéanann an t-aoire leis na caoirigh. Tá an t-aoire imithe ag lorg aon chaora  amháin a d’imigh ar strae,  agus nuair a fuair sé é, d’iompair sé ar a ghualainn é ar ais go dtí an tréad. Tá dlúthbhaint idir an tréadaí agus an caora seo. Aithníonn sé a chuid féin mar a n-aithníonn siad é, díreach mar a aithníonn an tAthair é agus go n-aithníonn Sé an tAthair. Tá Íosa ag rá go bhfuil a chaidreamh an-phearsanta san lena Athair neamhaí cosúil leis an gcaidreamh atá aige do  gach duine againn. Tá go leor ann chun  machtnamh air. I dtuairim  an Tiarna ní rud beag i measg slua sinn, caillte i lár an aonaigh mar a déarfá.  Ar bhealach nach dtuigfimid, tá aithne ag an Tiarna ar gach duine againn de réir ainm. Is mór aige sinn ar bhealach pearsanta agus iarann sé orainn teagmháil a dhéanamh leis ar bhealach pearsanta, freisin.

Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus,
Átha Cliath.
********************************************